Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.’ ”
Iób 4:9 - An Bíobla Naofa 1981 Scriosann anáil Dé iad, Agus milleann racht dá fhearg iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Le sideadh Dé imthighid síad, agus le hanáil a pholláireadh marbhthar íad. |
Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.’ ”
agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”
Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.
Adhlaic le chéile sa chré iad, Agus iaigh sa charcair íochtarach iad, gan focal as a mbéal.
Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad, agus chaith a chaora tine gur threascair iad.
Shéid tú anáil, agus d'iaigh an fharraige orthu. Chuadar faoi mar luaidhe sna huiscí gáifeacha.
Le sraoth do pholláirí rinne cnocáin de na huiscí agus sheas na tonnta mar chlaí; dhlúthaigh na haigéin i gceartlár na mara.
Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.
Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.
Feonn an féar, tréigeann an bláth, nuair a shéideann anáil an Tiarna orthu. (Is ea, is é an pobal an féar.)
Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta.
Déan aithrí dá bhrí sin. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat gan mhoill agus troidfidh mé leo le claíomh mo bhéil.