Iób 4:8 - An Bíobla Naofa 1981 Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do réir mar do chonnairc misi, an drong threabhus éaicceart, agus chuirios olc, beanaid an ní céadna. |
Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid, Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach.
Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.
An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige; air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.
an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat, agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht; ach beidh an fómhar millte lá an léin, agus an phian gan leigheas.
Thug d'iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort. Is í seo do chinniúint, agus is searbh í. Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”
Gaoth a síol, gála a bhfómhar! Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh, ná ní thabharfaidh sé plúr; agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.
Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing.