Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 4:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Thug d'iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort. Is í seo do chinniúint, agus is searbh í. Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Do shlighe agus do ghníomhartha thug na neithesi ort; sé so holc, do bhrígh go bhfuil sé searbh, do bhrígh go roichionn sé go nuige do chroidhe.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 4:18
15 Tagairtí Cros  

Buaileadh breoite iad de dheasca a bpeacaí; bhíodar á gcrá de dheasca a gcionta.


Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.


Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.


“Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.


Nár tharraing tú é seo ort féin, mar gur thréig tú an Tiarna do Dhia?


Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.


“Ar chuir Hiziciá rí Iúdá agus pobal uile Iúdá chun báis é mar gheall air sin? Nár mhó, agus eagla roimh an Tiarna orthu, a d'iarr siad fabhar air go mb'aithreach leis an t‑olc a bhí fógraithe aige ina n‑aghaidh? An gcuirfimidne anois an choir seo mar ualach ar ár n‑anamacha?”


Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ”


Thóg bhur gcionta nithe maithe uaibh, ghiorraigh bhur bpeacaí na fabhair seo.


Éist, a thalaimh, táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo: de bhrí nár éist siad le mo bhriathra, agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.


Líon sé mé le luibheanna searbha agus chuir sé masmas orm le mormónta.


D'imir mé leo de réir mar bhí tuillte acu mar gheall ar a bpeacaí gránna agus a gcionta agus d'iompaigh mé m'aghaidh uathu.


Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile; ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú; ar m'aghaidh féin amach atá siad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí