Iób 4:10 - An Bíobla Naofa 1981 [Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin; Bristear fiacla na gcoileán leoin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Núaill an leomhuin, agus guth an leomhuin dhiscir, agus fíacla an leomhan óg, bristear íad. |
Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.
Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh; go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta, go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.
d'eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóra nó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.
Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia; stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna.
Tá pór ann le claímhte mar fhiacla, agus sceana mar ghialla acu, Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne; agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.