Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolús Agus a chroch an chruinne ar neamhní.
Iób 38:6 - An Bíobla Naofa 1981 Cad air a bhfuil ceapa a colúin ina luí? Agus cé a chuir a cloch chúinne ina leaba, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cía air a bhfuilid a bhunáite sin ceangailte? nó cía shuighidh a chloch chornéil sin; |
Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolús Agus a chroch an chruinne ar neamhní.
Chuir tú an talamh ina sheasamh ar a bhonn; ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe.
Gura cosúil ár gclann mhac le húrchrainn, agus iad ag fás ina n‑óige; gura cosúil ar n‑iníonacha le colúin chúinne, arna snoí mar cholúin an teampaill.
Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.
Tá an Tiarna ina rí is é gléasta le glóir; chlúdaigh sé é féin le neart; chrioslaigh sé é féin le cumhacht. Bhunaigh sé an domhan go dobhogtha.
Agus ag ceapadh teorann don fharraige, chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht, agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.
Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.
Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:
Déanann siad dearmad d'aon ghnó de seo, go raibh na spéartha ann anallód, agus gur cumadh an domhan as an uisce agus tríd an uisce le briathar Dé;
Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.