Faigheann siad bás i bprapadh na súl; Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche, Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;
Iób 36:19 - An Bíobla Naofa 1981 Cúisigh lucht na maoine chomh maith leis na boicht, Lucht an lámh láidir chomh maith leis an dream lag. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An mbía beann aige air do shaidhbhríos? ní bhiáidh, nó air ór, no air a nuile chumus neirt. |
Faigheann siad bás i bprapadh na súl; Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche, Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;
Seachain agus ná mealladh maoin thú, Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú.
Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloí Agus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.
Ní bhíonn an rath ar mhaoin mhíchnuasta; ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.
Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n‑adhradh,
An oíche chéanna sin, chuaigh aingeal an Tiarna amach agus bhuail sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Tráth dúiseachta ar maidin, bhí siad go léir sínte marbh.
Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.
Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh an mheirg orthu ina fianaise in bhur n‑aghaidh agus alpfaidh sí bhur gcuid feola mar a dhéanfadh tine. Tá stór curtha i dtaisce agaibh le haghaidh na laethanta deireanacha!