Iób 32:2 - An Bíobla Naofa 1981 Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do hadhnadh fearg Elihu mhic Barachel an Busiteach, do chineul Ram: a naghaidh Iób do hadhnadh a fhearg, do bhrígh gur fhíréunuigh sé é féin tar Dhía. |
An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?
Dar Dia beo a bhain díom mo cheart, Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar m'anam,
Gura fada uaim a admháil go bhfuil tú sa cheart! Go lá mo bháis ní shéanfaidh mé m'ionracas.
Seasaim ar fhód m'fhíréantachta, agus ní bhogfaidh mé. Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm de bharr mo shaoil.
Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia].
An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?
Agus ar dhearcadh timpeall le fearg orthu uile, agus brón air mar gheall ar dhúire a gcroí, dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.
Ach ó b'áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”