Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Ach ó b'áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Ach ó ba thoil leis é féin a chur sa cheart, dúirt sé le hÍosa, “Agus cé hé mo chomharsa?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Acht d’fhonn é féin a chur san cheart, dubhairt sé le h-Íosa: Agus cé h-é mo chómharsa?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Acht adubhairt seisean le h‐Íosa, agus fonn air a fhíréanú féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Achd ar mbeith dhósan, funnmhar ó a fhiréantachd féin da thaisbéanadh, a dubhairt sé re Híosa, Maseadh ciá hé mo chomharsa?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Ach dubhairt sé le h-Íosa, a d’iaraidh é féin do cheartú: Agus cé h-é mo chómharsa?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Ach ó bʼáil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le hÍosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:29
11 Tagairtí Cros  

Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart.


An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.


Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.


Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?”


Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.


Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d'fhíréantacht Dé.


Más mar gheall ar a ghníomhartha a fíréanaíodh Abrahám, tá cúis mhórála aige, ach ní i bhfianaise Dé é,


Is léir nach bhfíréanaítear duine ar bith ag an dlí i bhfianaise Dé, mar “is le creideamh a mhairfidh an fíréan”.


Is léir daoibh gur le dea-oibreacha a fhíréanaítear duine agus nach le creideamh amháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí