Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 3:25 - An Bíobla Naofa 1981

An rud is baol liom, tagann sé i gcrích orm; An rud is eagal liom, titeann sé sa mhullach orm.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír an ní dob eagal liom go mór tháinic sé orum, agus an ní roimhe ar uáimhnigh mé tháinic sé chugam.

Féach an chaibidil



Iób 3:25
6 Tagairtí Cros  

Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d'éiríodh sé go moch ar maidin agus d'ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: “Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?” Mar sin a rinne Iób i gcónaí.


Scaoileadh uafáis liom, Agus séideadh m'onóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth, Agus d'imigh mo chonách uaim mar a bheadh néal.


Bhí mé ag súil leis an maith, ach sé an t‑olc a tháinig. Bhí mé ag súil leis an solas, ach sé an dorchadas a thit.


Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm, Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.


Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm, Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.


B'eagal libh an claíomh agus tabharfaidh mé an claíomh anuas oraibh - an Tiarna Dia a labhraíonn.