Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 11:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 B'eagal libh an claíomh agus tabharfaidh mé an claíomh anuas oraibh - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Do bhí eagla an chloidhimh oruibh; agus do bhéara misi cloidheamh oruibh, a deir an Tighearna DIA.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 11:8
13 Tagairtí Cros  

Má theitheann sé ón arm iarainn, Aimseoidh an bogha cré-umha go paiteanta é.


An rud is baol liom, tagann sé i gcrích orm; An rud is eagal liom, titeann sé sa mhullach orm.


An rud is eagal leis an urchóideach, tiocfaidh sé sa mhullach air; ach faigheann an fíréan mian a chroí mar fháltas.


Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.


Is mar sin a bheidh ag an uile fhear a chuirfidh a aghaidh ar dhul a chónaí don Éigipt, éagfaidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá; ní mhairfidh aon duine acu agus ní rachaidh caonaí slán ón olc a bhéarfaidh mise orthu.


Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n‑áit [naofa] agus ár gcine.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí