Iób 3:19 - An Bíobla Naofa 1981 Is cuma uasal agus íseal ansiúd, Agus tá an daor saor óna mhaistir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atá an beag agus an mor annsin; agus atá an searbhfhoghantuigh sáor ó na mhaighistir. |
Is milis leis fóda an ghleanna; Leanann an saol mór é ina shochraid (Agus gabhann slua gan áireamh roimhe amach).
Bíonn na cimí ar a suaimhneas le chéile, Gan guth an tseiléara le clos a thuilleadh.
Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt? Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama,
Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith, Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.
nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh arda agus scanradh air siúl sa tsraid; nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláth agus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallach agus caor na cupraisce gan éifeacht; óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraí agus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna;
sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.
Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.
Caithfidh gach duine bás a fháil an t‑aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air.