Nuair a bhíodh deireadh ráite agam ní labhraidís arís, Agus thit mo fhocla orthu ceann ar cheann.
Iób 29:23 - An Bíobla Naofa 1981 Bhídís ag feitheamh liom mar a bheidís leis an mbáisteach. Agus d'osclaídís a mbéal mar a dhéanfaidís don bháisteach dhéanach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bhídís ag súil riom mar do bheidís air fhearthuinn, agus dfosclaidís a mbéul go fairsing amhail a ccoinne na fearthanna deighionuigh. |
Nuair a bhíodh deireadh ráite agam ní labhraidís arís, Agus thit mo fhocla orthu ceann ar cheann.
Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí, agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi.
Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn; tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil, coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’
Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”
Iarraigí fearthainn ar an Tiarna i séasúr fhearthainn an earraigh; óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne. Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibh agus cuirfidh sé féar ag fás i bpáirc an uile dhuine.