Fad a bheidh an talamh ann, ní rachaidh stad arís ar shíolchur ná ar fhómhar, ar fhuacht ná ar theas, ar shamhradh ná ar gheimhreadh, ar lá ná ar oíche.”
Iób 26:10 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí, Ag an teorainn idir solas agus dorchadas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do thimchioll sé na huisceadha lé teórannuibh, nó go ttí an lá agus a noidhche chum críche. |
Fad a bheidh an talamh ann, ní rachaidh stad arís ar shíolchur ná ar fhómhar, ar fhuacht ná ar theas, ar shamhradh ná ar gheimhreadh, ar lá ná ar oíche.”
Tagann creathán ar cholúin na spéire, Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.
Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais? Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé?
Nach tusa a thugann leat chun a fhearannais é? Nach agatsa atá fios na slí chun a thísean?
Cá bhfuil an bealach go gabhal na tintrí Mar a scaipeann sí a lasair ar fud an domhain?
Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal, agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.
Bhí mise ann nuair a bhí sé ag daingniú na bhflaitheas thuas, agus ag rianú bun na spéire ar dhromchla an duibheagáin,
Agus ag ceapadh teorann don fharraige, chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht, agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.
Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.