Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé! Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann, Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.
Iób 23:15 - An Bíobla Naofa 1981 Uime sin, tá uafás orm ina láthair; Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin atáimsi ar mo bhuáidhreadh na fhiadhnuisi: a nuáir mheasuim, bím eaglach roimhe. |
Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé! Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann, Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.
Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige.
Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é, Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh.
Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm, Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.
Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha; Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche, agus diúltaíonn m'anam don sólás.
Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.