Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d'éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna.
Iób 22:22 - An Bíobla Naofa 1981 Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil, Agus taiscigh a theagasc i do chroí An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Glac, íarruim mar athchuinge ort, an dligheadh as a bhéul, agus cuir a bhríathra súas ann do chroidhe. |
Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d'éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna.
Bheadh sé fós mar shólás agam - Agus bheinn daingean i bpian gan taise - Nár shéan mé briathra an té is Naofa.
Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt: “Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí; coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.
Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.
Dúirt sé liom fosta: “A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach.
Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór.
Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”
Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.