Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.
Iób 22:20 - An Bíobla Naofa 1981 “Scriosadh a [réim] go dearfa, Agus loscadh a gconách le tine!” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A náit nach ar ghearradh ar maóinne síos, acht loisgidh an teine a bhfuighiollsan. |
Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.
Nach meas coimhthíoch atá aige orainn á rá is gur dhíol sé sinn agus gur chaith sé an mhaoin go léir a fuair sé orainn?
Le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: “Thit tine le Dia ó neamh agus dhóigh an tréad agus na seirbhísigh, á loscadh go hiomlán; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”
Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.
Agus tá an dorchadas go léir ar a thí. Tá tine gan bhoilg lena alpadh; Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth.
Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh? Cár milleadh lucht na córa?