Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 22:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Feiceann na fíréin an méid sin agus bíonn áthas orthu, Agus bíonn na neamhchiontaigh ag fonóid fúthu:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Do chídh na firéin sin, agus atáid lúathgháireach: agus do ní an nemhchiontach gáire tarcuisneach fútha.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 22:19
11 Tagairtí Cros  

Cuireann sé seo uafás ar dhaoine ionraice, Agus déanann an neamhurchóideach casaoid in aghaidh an éagóraigh.


Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann, Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh.


Feiceann na fíréin agus déanann siad gairdeas, agus cuirtear an uile urchóid ina tost.


Leathann do mholadh, ar nós d'ainm, a Thiarna, go críocha na cruinne. Is lán do dheaslámh d'fhíréantacht;


Is áil leat an uile chaint dhíobhálach, a theanga na camastaíola.


Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseog sciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon.


Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin, inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia, agus tuigfidh siad gníomhartha Dé.


Cloiseann Síón agus líonann sí d'áthas, agus tá lúcháir ar chathracha Iúdá as ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.


Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair; nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas.


A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí