Iób 22:10 - An Bíobla Naofa 1981 Uime sin tá gaistí i do thimpeall Agus uafás tobann do do sceimhliú. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uimesin atáid paintéir fá ccuáirt ad thimchioll, agus eagla obann ag cur bhuaidheartha ort; |
Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.
Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.
Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé, Agus a dhún a líon i mo thimpeall.
Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh; Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí.
Beidh cíocras air chun a fhómhair, Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd. Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.”
Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.
Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh: gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh.
Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme, agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.