Iób 22:9 - An Bíobla Naofa 19819 Lig tú na baintreacha uait folamh Agus bhasc tú géaga na ndílleachtaí. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Do chuir tú baintreabhacha uáit folamh, agus do bhádar rightheacha na ndílleacht briste. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.