Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.
Iób 20:21 - An Bíobla Naofa 1981 Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla, Agus anois ní bheidh a chonách buan. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ni fúigfighthear éinni dá bhíadh; uimesin nach biáidh súil ag áonduine ré na mhaóin. |
Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.
Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin, Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh.
Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine, Ná comharba air ina áit chónaithe.
Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach, agus a chuireann páirc i gcionn páirce, go dtí go dtógann suas an láthair ar fad agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.
Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa: “Is iomaí teach a leagfar! Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;
Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”
“Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,” a deir an Tiarna, “ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.”
Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna Dia: “Timpeallóidh an namhaid an tír, bainfidh sé do chumhacht díot agus creachfar do pháláis.”