Iób 20:2 - An Bíobla Naofa 1981 Tá fonn ar mo smaointe freagra a thabhairt ar an méid sin; Agus ní ionadh mé a bheith do mo shuaitheadh go mífhoighneach; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin do bheirid mo smuáintighe orum freagra, agus ar a shonso do ním deithnios. |
Má leomhann duine focal á rá leat, an gcuirfidh tú suas leis? Ach cé a d'fhéadfadh fanacht ina thost?
Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge; is [measa ná baoth] an fear lasánta.
An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach? tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan.
Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air, ní labhróidh mise níos mó ina ainm.” Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí, í dúnta istigh i mo chnámha. Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc. Ní fhéadaim é a fhulaingt.
Tháinig sí isteach faoi dheifir láithreach go dtí an rí agus d'iarr air ag rá: “Is mian liom go dtabharfá dom ar mhias gan mhoill ceann Eoin Baiste.”
Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é.
Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,