Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 18:6 - An Bíobla Naofa 1981

Lagófar an solas ina bhoth Agus múchfar an lampa os a chionn.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Biáidh an solus na dhorchadas iona thigh, agus cuirfighthear a choinneal as maille ris féin.

Féach an chaibidil



Iób 18:6
11 Tagairtí Cros  

Bíonn siad ag únfairt sa dorchadas gan solas Agus fágann sé iad ag longadaíl mar a bheadh duine ar meisce.


Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin, Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh.


Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte. Agus tabharfar é i láthair rí na n‑uafás.


- An minic a mhúchtar lampa na gcoirpeach? Nó a thagann an tubaiste sa mhullach orthu? An roinneann sé pianta ina racht feirge?


Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn, Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas,


Óir saorfaidh tú lucht na huirísle ach umhlóidh tú lucht an díomais.


Súile uaibhreacha agus croí díomasach, is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.


Óir níl aon ní i ndán don drochdhuine agus múchfar lóchrann an urchóidigh.


Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.


Nuair a scriosfaidh mé thú clúdóidh mé na spéartha, agus dorchóidh mé na réaltaí; cuirfidh mé smúid ar an ngrian le scamall agus ní thabharfaidh an ghealach a solas.


Ná ní shoilseoidh solas lóchrainn ionat a thuilleadh; ná ní bheidh guth fir ná mná céile le cloisteáil ionat feasta. Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain; agus mealladh na ciníocha go léir le d'asarlaíocht.