Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 18:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh, Agus lasair a thine a dhul in éag.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Aseadh, cuirfidhthear solus an droch dhuine as, agus ní dhéalrochuidh drithse a thineadh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 18:5
12 Tagairtí Cros  

Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.


A stollann é féin le barr feirge? An gcaithfear an tír a bhánú ar do shon Agus an charraig a chur as a leaba?


Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.


- An minic a mhúchtar lampa na gcoirpeach? Nó a thagann an tubaiste sa mhullach orthu? An roinneann sé pianta ina racht feirge?


[Lonraíonn] lóchrann an fhíréin, ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh.


Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.


Súile uaibhreacha agus croí díomasach, is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.


Óir níl aon ní i ndán don drochdhuine agus múchfar lóchrann an urchóidigh.


Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.


Ach sibhse uile, fadaíonn sibh tine, corraíonn sibh suas an ghríosach. Isteach libh i lasracha na tine sin agaibh agus sa ghríosach atá adhainte agaibh. Mo lámhsa a chaithfidh libh ar an dóigh sin, suífidh sibh fúibh i bpeannaid.


Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite, farraige nach féidir di bheith ciúin, a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.


Nuair a scriosfaidh mé thú clúdóidh mé na spéartha, agus dorchóidh mé na réaltaí; cuirfidh mé smúid ar an ngrian le scamall agus ní thabharfaidh an ghealach a solas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí