Iób 17:11 - An Bíobla Naofa 1981 Tá mo ré thart! Tá mo phleannanna sáraithe, Agus mianta uile mo chroí! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chúadar mo láethe thoram, do briseadh amach mo thionnscanta, eadhon smuáintighe mo chroidhe. |
Dá fhad í an oíche, a deir siad, tagann an lá; Tá an solas láimh linn chun an dorchadas a ruaigeadh.
Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra, Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine, ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.
Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasa ní foláir dom imeacht liom go geataí Seól síos; is ann a choinneofar mé ar feadh a bhfanann agam de bhlianta.
Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne.
Ní áil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo.