An ndéanann sé a chúis a phlé le caint gan éifeacht Agus le briathra gan tairbhe?
Iób 15:4 - An Bíobla Naofa 1981 Sea, tá eagla Dé á cur ar shiúl agat Agus tá urraim á diúltú agat dó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Aseadh, do theilg tusa eagla dhíot, agus do thoirmisg tú urnaighthe a bhfiadhnuise Dé. |
An ndéanann sé a chúis a phlé le caint gan éifeacht Agus le briathra gan tairbhe?
Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas, tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh.
Ní éann siad ormsa óna gcroí amach, nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha; gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona, ach bíonn siad easumhal domsa.
An fear gaoil a iompraíonn na cnámha amach as na tithe chun iad a dhó, déarfaidh sé leis an té atá sa chuid is sia isteach den teach: “An bhfuil aon duine i do chuideachta fós?” Freagróidh seisean: “Níl! bí i do thost! caithimid gan ainm an Tiarna a lua.”
(agus na daoine a iompaíonn ón Tiarna agus nach lorgann é agus ar beag orthu é).”
Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:
An bhfuilimid ag cur an dlí ar neamhní leis an gcreideamh mar sin? Nílimid ar chor ar bith. Is ag daingniú an dlí atáimid.
Níl grásta Dé agam á chaitheamh uaim, óir más ón dlí a thagann fíréantacht, fuair Críost bás in aisce.