Iób 15:16 - An Bíobla Naofa 1981 Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil, Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ca mhéid nios adhfhuathmhaire, agus níos shailche na sin atá an duine, noch ibhios éigceart amhuil uisge? |
Ba mhilis é blas na hurchóide ina bhéal, Agus chuir sé i bhfolach í faoina theanga.
Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan!
Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin, Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.
Breathnaíonn an Dia ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia.
Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.