Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 53 - An Bíobla Naofa 1981


Na hAmadáin

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Dháiví.

2 Deir an t‑amadán ina chroí: “Níl aon Dia ann.” Tá siad truaillithe; déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann.

3 Breathnaíonn an Dia ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia.

4 Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile, níl neach ann a dhéanfadh an mhaith, níl oiread is duine.

5 An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Ní ghlaonn siad ar Dhia.

6 Beidh siad ar crith le heagla gan aon chúis eagla acu. Óir scaip Dia cnámha do lucht ionsaithe; tugadh a náire agus dhiúltaigh Dia dóibh.

7 Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach! Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí