Chuir mé freagra ar ais chuige ar an méid sin: “Maidir lena bhfuil ráite agat, níor tharla aon ní dá leithéid; cumadóireacht as barr do chinn féin é go léir.”
Iób 13:4 - An Bíobla Naofa 1981 Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige; Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht go deimhin is luchd cumtha bréag sibhsi, is leagha nach fíu éinni sibh uile. |
Chuir mé freagra ar ais chuige ar an méid sin: “Maidir lena bhfuil ráite agat, níor tharla aon ní dá leithéid; cumadóireacht as barr do chinn féin é go léir.”
Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana! Nach ainnis an lucht sóláis sibh!
Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad, Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.
Cuirtear díomá orthu cé go raibh misneach acu; Tagann siad ansiúd, ach loictear orthu.
A rá is go bhfuil sibh anois gan mhisneach, Go bhfeiceann sibh uafás agus go bhfuil scéin oraibh.
Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.
Níl aon duine chun aire a thabhairt do do chréachtaí, níl luibh ná leigheas i ndán duit.
Éirigh suas go Gileád ar lorg íoca, a mhaighdean, a iníon na hÉigipte! Is go díomhaoin a ghlacann tú mórán oideas; níl leigheas i ndán duit.
Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail, á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’, ach níl aon síocháin ann.
Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád? Nach bhfuil aon lia ann? Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh, an leigheas seo iníon mo dhaoine?
Níor neartaigh sibh an t‑easlán, níor leigheas an chaora thinn, níor cheangail sibh an bacach, níor thug ar ais an seachránaí, níor chuardaigh sibh an ceann a bhí caillte. Ba le láimh laidir throm a rialaigh sibh iad.
Nuair a bhraith Eafráim a tinneas agus Iúdá a chneá, d'imigh Eafráim chun na hAsaíre agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí]; ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas ná bhur gcneá a chneasú.
Ar a chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé leo: “Ní ag na daoine atá slán a bhíonn gá le lia ach ag na daoine atá tinn. Ní fíréin a tháinig mé a ghlaoch ach peacaigh.”
agus a bhí tar éis mórán a fhulaingt óna lán lianna agus a raibh aici a chaitheamh, agus nárbh fhearrde í é, ach gur mhó a bhí sí ag dul in olcas,