Iób 13:3 - An Bíobla Naofa 1981 Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach; B'áil liom áiteamh le Dia. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Go deimhin budh mían liom labhairt ris a nuile chumhachdach, agus atá fonn orum aighnios do dhéanamh ré Día. |
Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair.
Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort! Nó cead cainte domsa agus freagairse mé!
Uch gan [Dia] le héisteacht liom! Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.
An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?
Dá mb'áil leis conspóid a dhéanamh leis Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.
“Tugaigí bhur gcúis i láthair,” a deir an Tiarna; “déanaigí bhur bpléadáil,” a deir rí Iacóib.
Éistigí, a shléibhte, leis an gcúiseamh a dhéanann an Tiarna; tugaigí cluas, a bhunsraitheanna an domhain. Óir tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh a phobail agus tá sé ag aighneas le hIosrael.