Iób 11:10 - An Bíobla Naofa 1981 Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm, Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Má ní sé malairt, má íadhann sé súas, nó má chruinnighéann a cceann a chéile, annsin cía fhéadas a thoirmiosg? |
Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán; Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó;
D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?” Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,
Cé a d'iaigh an mhuir isteach le comhlaí, Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?
Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht; Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú.
Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?
Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghrá óir chuir tú spéis i m'anacair agus chuidigh tú le m'anam ina chúngaigh.
Ó chinn Tiarna na Slua ar a bheart, cé a leomhfadh a chur ar ceal? Má shíneann sé amach a lámh, cé a thabharfadh air í a tharraingt chuige isteach?
Bhí sé ráite agam le Síón roimh ré: “Seo chugainn iad”; bhí teachtaire dea-scéala curtha agam chuig Iarúsailéim.
Conas a d'fhéadfadh duine an teitheadh a chur ar mhíle agus beirt ar dheich míle, murar dhíol a gCarraig iad agus gur thug an Tiarna ar láimh iad?
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine: