Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 38:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Cé a d'iaigh an mhuir isteach le comhlaí, Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 No cía do iadh a nfairge a stigh lé doirsibh, a nuáir do bhris sí amách, amhuil do shilfeadh sí amach as an mbroinn?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 38:8
13 Tagairtí Cros  

Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh.


Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh.


Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth, Agus a thomhais sé toirt na n‑uiscí,


Chuir mé teorainn léi, Agus shocraigh mé barraí agus doirse di.


Nuair a chuir mé an néal mar éide uirthi, Agus an scamall dubh mar bhindealán uimpi.


Chlúdaigh tú leis an aigéan é mar le brat ionas gur fholaigh na huiscí na sléibhte.


mar a bhfaca siad oibreacha an Tiarna, agus na héachtaí a dhéanann sé san fharraige.


Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal, agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.


Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit!


Agus ag ceapadh teorann don fharraige, chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht, agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.


Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige agus a leag amach na spéartha lena réise? a chruinnigh cré na talún i miosúr, a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí agus na cnocáin in ainsiléad?


Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí