Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis - údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibhse a thógáil agus ní chun sibh a leagan - ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air.
Filéamón 1:8 - An Bíobla Naofa 1981 Más ea, cé go bhfuil misneach mo dhóthain agam i gCríost chun ordú a thabhairt duit an rud ceart a dhéanamh, mar sin féin An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ar an ábhar sin, siúd is go bhfuil uchtach agam ó Chríost leis an ní atá riachtanach a ordú duit, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar an adhbhar sin, gidh go bhfuil gach dánaidheacht agam i gCríost chum an nidh is cuibhe d’órdú dhuit, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin, bíodh gur féidir leam bheith ro dhána a Gcriosd ris an ní atá iomchubhaidh dáithníughadh dhíot. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Más ea, cé go bhfuil misneach mo dhóthain agam i gCríost chun ordú a thabhairt duit an rud ceart a dhéanamh, mar sin féin |
Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis - údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibhse a thógáil agus ní chun sibh a leagan - ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air.
Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as - caint bhuile í seo - tá an maíomh céanna le déanamh agamsa.
Ná bíodh agaibh ach oiread an drochchaint ná an tseafóid ná an magadh, nithe nach n‑oireann; ag gabháil buíochais do Dhia ba chóra daoibh a bheith.
Bhí drochíde agus tarcaisne faighte i bhFilipí againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse d'ainneoin fhreasúra láidir.
agus tá a fhios ag Dia nach ar scáth na sainte a bhíomar ag obair ná ag lorg molta ó dhaoine, uaibhse ná eile,