Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Corantaigh 3:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Ní cás dúinn a bheith teann dá bhrí sin nuair atá dóchas chomh mór sin againn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Bímid go dána neamheaglach, agus an dóchas seo againn,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Ó thárla a leithéid seo de mhuinighin bheith againn, labhraimíd as cainnt an‐dána,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Uime sin ar mbeith dhá shamhuil so do mhuinghin aguinn, chleachdmaóid dánachd mhór:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Ní cás dúinn a bheith teann dá bhrí sin nuair atá dóchas chomh mór sin againn.

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 3:12
21 Tagairtí Cros  

Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.”


Labhair mé an méid sin libh i solaoidí. Tá an t‑am ag teacht, nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí, ach inseoidh mé daoibh go soiléir mar gheall ar an Athair.


Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá.


Mar sin féin thug siad tamall maith ann agus iad ag labhairt le lánmhuinín as an Tiarna, agus dheimhnigh seisean scéal a ghrásta leis na héachtaí agus na míorúiltí a dheonaigh sé dóibh a dhéanamh.


Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D'aithin siad ansin gur chomrádaithe d'Íosa ba ea iad.


Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n‑aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc.


Bhíodh sé ag caint agus ag conspóid leis na Giúdaigh Heilléanacha freisin. Rinne siadsan iarracht ar é a mharú


ach nuair a bhím in eaglais is fearr liom cúig fhocal a labhairt ó m'intleacht chun daoine eile a theagasc ná deich míle focal a labhairt i dteanga.


Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.


Má bhí niamhracht ag gabháil le córas a bhí sealadach nach niamhraí go mór a bheidh an córas atá buan?


Ach tá againne an spiorad céanna úd an chreidimh atá luaite sa scrioptúr: “Chreid mé agus labhair mé dá réir.” Creidimidne chomh maith agus labhraímid dá réir,


Is mór í m'iontaoibh asaibh agus is mór é mo bhród. Agus ainneoin mo chuid anacra táim lán de shólás agus ag cur thar maoil le háthas.


Rud eile de, chuir mo chuibhreacha misneach sa Tiarna ar fhormhór mo bhráithre Críostaí i dtreo gur dána ná riamh iad ag fógairt an dea-scéil gan scáth gan eagla.


Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.


guígí Dia go ndéanfaidh mé í a nochtadh chomh soiléir agus is cuí dom í a fhógairt.


Bhí drochíde agus tarcaisne faighte i bhFilipí againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse d'ainneoin fhreasúra láidir.


Na déagánaigh a chruthaíonn go maith, gnóthaíonn siad ardchéim dóibh féin agus bíonn údarás mór lena gcaint faoin gcreideamh atá againn i gCríost Íosa.


Más ea, cé go bhfuil misneach mo dhóthain agam i gCríost chun ordú a thabhairt duit an rud ceart a dhéanamh, mar sin féin


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí