Chuir sé grá as cuimse ag borradh i mo chroí do na daoine dílse a mhaireann ina thír.
Filéamón 1:5 - An Bíobla Naofa 1981 Mar tá iomrá á chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) faoin iomrá a chluinim i dtaobh do ghrá agus i dtaobh do dhfl-seachta don Tiarna Íosa agus do na naoimh uile go léir, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) toisc gur clos dom an creideamh atá agat do’n Tighearna Íosa, agus do ghrádh do na naomhaibh go léir; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) (Do bhrigh go gcluínim iomrádh do ghrádhasa agus an chreidim, atá agad a dtáobh an Tíghearna Iósa, agus a dtáobh na nuile náomh;) An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Mar tá iomrá dá chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile. |
Chuir sé grá as cuimse ag borradh i mo chroí do na daoine dílse a mhaireann ina thír.
d'fhógair mé ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh araon iompú chun Dé agus creidiúint inár dTiarna Íosa.
Maidir leis an mbailiúchán i gcomhair an phobail naofa, leanaigíse freisin an treoir a thug mé d'eaglaisí na Galaite.
Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.
Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir,
mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile
Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. D'inis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libhse.
Ba mhór an lúcháir agus an sólás domsa an grá sin agatsa, a bhráthair, mar go bhfuil croí á thabhairt agat don phobal naofa.
Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d'ordaigh seisean dúinn.