Eoin 12:3 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin thóg Máire punt meáchain d'ola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ghlac Muire punt dʼuinnimint chostasach de ghlan-nard, agus chuimil si de chosa Íosa í agus thriomaigh si a chosa le gruaig a cinn; agus chuaigh cumhracht na huinniminte ar fud an ti. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, ghlac Máire punta ungtha de spíocnárd fhíor, luachmhar, agus rinne sí cosa Íosa d’ungadh, agus thriomuigh sí a chosa le n-a gruaig: agus líonadh an teach le cumhracht an ungtha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do thóg Máire púnt d’uinnimint náird ghlain, an‐luachmhair, agus d’ong sí cosa Íosa, agus do thriomuigh sí a chosa le n‐a gruaig; agus do líonadh an teach de chumhracht na h‐uinniminte. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do ghlac Muire punta duinnement náird fhírinnigh, roúasail, agus do ung si cosa Iósa, agus do thiorrmuigh sí a chosa lé na grúaig: agus do bhí an teach ar na líonadh do bhaladh na huinnemeinte. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thóg Máire púnt meaghchaint d’ola ana-uasal, de spícnárd dhílis, agus chuir sí ar chosaibh Íosa é, agus ansan do chimil si a chosa le n-a gruaig; agus do líonadh an tigh de bhaluith chúmhra an spícnáird. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin thóg Máire punt meáchain dʼola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola. |
Is geall le bheith ag smachtú na gaoithe, nó ag fáil greim deasóige ar an ola, bheith ag iarraidh í a chosc.
Nach aoibhinn do ghrá, a shiúr, a bhrídeach, nach blasta do ghrá ná fíon, nach cumhra iad do chumhrachtaí ná spíosraí an domhain!
Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”
Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig.
Arna rá sin di, d'imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.”
Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: “A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.”
Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Níocodaemas freisin - é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús - tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain.