Eazrá 10:2 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin labhair Seacainiá mac Ichíéil de chlann Éalám amach agus dúirt le hEazrá: “Rinneamar feall ar ár nDia agus phósamar mná deoranta de phór dúchasach na tíre; ach dá ainneoin sin, tá dóchas éigin ann d'Iosrael fós. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhreagair Sechaniah mhac Iehiel, áon do mhacaibh Elam, agus a dubhairt re Hesra, Do chiontuigheamar a naghaidh ar Ndé, agus thugamar mná coigcríchthe do dhaoinibh na talmhan: gidheadh fós atá a nois dóigh ann Israel a ttaóibh an neithesi. |
Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -
ach fuair siad mná i measc na mban deoranta sin dóibh féin agus dá gclann mhac; tá an cine naofa cumasctha le bunadh na dtíortha; sa bheart fill seo, is iad na huachtaráin agus na feidhmeannaigh a bhí i dtús cadhnaíochta.”
An gcaithfimidne cur suas lena chloisteáil go bhfuil sibhse freisin ag déanamh na coire móire sin, agus ag fealladh ar bhur nDia trí mhná deoranta a phósadh?”
Taobh leo-san rinne Zádóc mac Iméir deisiú ar aghaidh a thí féin; taobh leis-sean rinne Seamaiá mac Sheacainiá, garda an Gheata Thoir, deisiú.
Féach chuige nach ndéanann tú conradh le dúchasaigh na tíre dá rachaidh tú, nó beidh sin ina ghaiste faoi do chosa.
Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.
Ach má dhéanann sibh leathchuma, tá peaca á dhéanamh agaibh, agus tá sibh daortha mar choireacha ag an dlí.