Eazrá 9:2 - An Bíobla Naofa 19812 ach fuair siad mná i measc na mban deoranta sin dóibh féin agus dá gclann mhac; tá an cine naofa cumasctha le bunadh na dtíortha; sa bheart fill seo, is iad na huachtaráin agus na feidhmeannaigh a bhí i dtús cadhnaíochta.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Oír thugadar a ningheana chuca feín, agus chum a mac: iondus gur chumaisc an síol náomhtha íad féin ré daómibh na ccríochsin: agus fós, lámh na bprionnsadha agus na núachtarán do budh ceann ar a nurchóidsi. Féach an chaibidil |
Uime sin ná tugaigí bhur iníonacha mar mhná chéile dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonachasan mar mhná do bhur mic féin; ná bíodh mairg oraibh faoina síocháin ná faoina gconách siúd, i dtreo go rachadh sibh féin i neart, go n‑íosfadh sibh togha torthaí na tíre agus go bhfagfadh sibh é mar oidhreacht ag bhur sliocht go brách.’