Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”
Eaxodus 7:2 - An Bíobla Naofa 1981 Caithfidh tú féin gach a n‑ordóidh mé duit a insint dó agus déarfaidh Árón le Forann clann Iosrael a ligean as a thír. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Laibheóra tú gach uile ní aitheónuis misi dhíot; agus labheóruidh Aáron do dhearbhrathair ré Phárao, clann Israel do chur as a dhuthaigh. |
Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”
Labhróidh tusa leis agus cuirfidh tú na focail ina bhéal. Beidh mise mar thaca le do bhéalsa agus lena bhéalsan, agus múinfidh mé duit a bhfuil le déanamh agat.
Labhróidh sé thar do cheann leis an bpobal; agus beidh seisean mar bhéal agatsa, agus beidh tusa mar dhia aige-sean á spreagadh.
Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”
dúirt sé leis mar leanas: “Mise an Tiarna. Abair le Forann, rí na hÉigipte, a bhfuil á rá agam leat.”
Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic. Éirigh agus abair leo gach a n‑ordaímse duit. Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise, ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.
Ach dúirt an Tiarna liom: “Ná habair, ‘Is leanbh mé.’ Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú, agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.
Dúirt sé liom fosta: “A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach.
“A mhic an duine, tá tú ceaptha agam mar fhear faire do mhuintir Iosrael. Nuair a chloisfidh tú focal uaimse tabhair rabhadh dóibh thar mo cheann.
ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”
Ná cuirigí aon bhreis lena n‑ordaím daoibh, agus ná bainigí uaidh, ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna bhur nDia go beacht mar a ordaím daoibh iad.