Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 7:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach! déanfaidh mé dia díot d'Fhorann agus beidh Árón do dheartháir mar fháidh agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóisi, Féuch, do rinne mé Día dhíot do Phárao: agus biáidh do dhearbhrathair Aáron na fháidh agad.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 7:1
11 Tagairtí Cros  

Dúirt sé leis: “Féach, deonaím an fabhar seo duit chomh maith, nach scriosfaidh mé an chathair a luaigh tú.


Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é.


Bhí Eilíseá ina shuí ina theach agus na seanóirí ina suí ina thimpeall. Chuir an rí teachtaire óna láthair ach sular shroich sé, dúirt Eilíseá leis na seanóirí: “An bhfeiceann sibh mar a thug an dúnmharfóir úd ón mbroinn orduithe an ceann a scothadh díom? Féach, nuair a thiocfaidh an teachtaire, dúnaigí an doras air; coinnigí an doras dúnta air. Nach bhfuil truip choiscéim a mháistir le cloisteáil ina dhiaidh?”


Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinsear i dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan.


Is é rud a dúirt mé: “Is déithe sibh; clann an Té is Airde sibh uile.


Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.”


Fiú amháin an ní a ndeirtear faoi: “Féach, is rud nua é seo,” bhí sé ann romhainn anallód.


a réabadh aníos agus a leagan síos, a mhilleadh agus a scriosadh, a thógáil agus a phlandú.”


ach an cine a mbeidh siad faoi dhaoirse acu, tabharfaidh mé daorbhreith orthu,’ arsa an Tiarna, ‘agus ina dhiaidh sin tiocfaidh siad amach as an tír sin agus tabharfaidh ómós domsa san áit seo.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí