Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 1:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ach dúirt an Tiarna liom: “Ná habair, ‘Is leanbh mé.’ Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú, agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Acht a dubhairt an TIGHEARNA liom, Ná habair, is leanabh mé: óir racha tú chum gach neithe gus a ccuirfidh misi thú, agus gidh bé ní aitheonas mé dhíot déara tú é.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 1:7
20 Tagairtí Cros  

Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”


Agus anois, a Thiarna, a Dhia liom, tá rí déanta agat díomsa, do shearbhónta, mar chomharba ar Dháiví, m'athair. Ach níl ionam ach ógfhear gan oiliúint mar threoraí.


Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh mo Dhia, sin é an briathar a labhróidh mé.”


dúirt sé leis mar leanas: “Mise an Tiarna. Abair le Forann, rí na hÉigipte, a bhfuil á rá agam leat.”


“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.


Ach nuair a bhí briathra uile an Tiarna a nDia, ráite ag Irimia leis an bpobal uile, ar chuir an Tiarna chucu é, is é sin na briathra seo thuas,


Ar an ábhar sin déarfaidh tú na briathra seo uile leo, ach ní éistfidh siad sin leat; gairfidh tú orthu, ach ní fhreagróidh siad thú.


Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad.


Ach nuair a labhróidh mé leat osclóidh mé do bhéal agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna Dia.’ An duine a bhfuil fonn éisteachta air éisteadh sé, agus an duine nach bhfuil ná héisteadh sé, mar is ceannairceach an dream iad.”


ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: ‘Téigh agus tairngir do mo phobal Iosrael.’ ”


“Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair ina haghaidh an t‑oracal a thabharfaidh mé duit.”


Tháinig Dia go Balám i gcaitheamh na hoíche, agus dúirt leis: “Nár tháinig na fir seo ag glaoch ort? Éirigh agus téigh leo. Ach ná déan aon ní thar mar a déarfaidh mé leat.”


D'fhreagair Balám Bálác: “Seo anseo anois agat mé! An bhfuil cead cainte ar bith agam leat anois? An focal a chuireann Dia i mo bhéal, sin é nach foláir dom a labhairt.”


ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”


mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí