Agus dúirt aingeal an Tiarna léi: “Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac, agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air, mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.
Eaxodus 3:9 - An Bíobla Naofa 1981 Anois tá scread chlann Iosrael tagtha chugam agus chonaic mé an leatrom a imríonn na hÉigiptigh orthu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A nois uime sin, feuch, tangadur comhairc chloinne Israel chugamsa: agus do chonnuirc mé mar an gcéadna an fóirneart léar bhruigheadar na Hégiptigh íad. |
Agus dúirt aingeal an Tiarna léi: “Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac, agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air, mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.
Ansin dúirt sé: ‘Ardaigh do shúile agus féach: na fireannaigh go léir atá ag reitheadh baineannach an tréada, táid ballach, breac, nó riabhach óir chonaic mé a bhfuil á dhéanamh ag Lábán ort.
Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus d'éist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael.
“Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: ‘Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna.
Chonaic tú cruachás ár sinsir san Éigipt; Chuala tú a nglao le hais Mhuir na nGiolcach;
gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”
Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d'ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,
Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d'Fhorann.
Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”
Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.
Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.
Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh.
Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”
Ach ghlaomar chun an Tiarna, Dia ár n‑aithreacha, agus chuala an Tiarna ár nglao agus chonaic ár n‑ainnise, ár saothar, agus an leatrom orainn;
“Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.”