Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 1:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d'Fhorann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Uime sin do chuireadur luchd daoirmheasda ós a ccionn, dá bpíanadh le na núaluighibh. Agus do thógbhadar caithreacha do Phárao chum ionnmhuis, Pitom, agus Raamses.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 1:11
21 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: “Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain.


Ansin bhunaigh Iósaef a athair agus a dheartháireacha, agus thug seilbh dóibh, i dtír na hÉigipte, sa chuid is fearr den talamh, i ndúiche Ramasaes mar a d'ordaigh Forann.


agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach arbh áil le Solamh a thógáil in Iarúsailéim, sa Liobáin, agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.


D'aontaigh Bein Hadad agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Abael Máím agus cathracha stóir Naftáilí go léir.


D'atóg sé Tadmor san fhásach agus na cathracha stóir go léir a bhí tógtha aige i Hamát.


ag imeacht ó chine go cine dóibh, is iad ag fánaíocht ó ríocht go ríocht.


Amhrán Oilithreach. 1 Is minic a crádh mé ó m'óige; abradh Iosrael anois:


Is minic a crádh mé ó m'óige, ach ní dhearnadh mo threascairt.


“Cuirtear ruaig is raon maidhme ar ríthe na sluaite agus tá an bhantracht sa bhaile ag roinnt na creiche.


a d'achtaigh an dlí seo do Iósaef nuair a ghabh sé amach in aghaidh na hÉigipte.


agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.


Nuair a bhí Maois ina fhear chuaigh sé ar thuairisc a mhuintire lá agus chonaic sé cad é cruatan a bhí á fhulaingt acu; agus chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir.


Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.


Chuaigh saoistí saothair an phobail agus na maoir amach agus dúradar leis an bpobal: “Seo mar a deir Forann: ‘Ní thabharfaidh mé tuí daoibh.


Maoir chlann Iosrael, chuadar go Forann agus rinneadar gearán: “Cad chuige a gcaitheann tú mar sin le do shearbhóntaí?” ar siad.


Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.’


Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?


chuaigh ár sinsir síos go dtí an Éigipt agus d'fhanamar ann tamall fada. Ach thug na hÉigiptigh drochíde orainn mar a thugadar ar ár sinsir.


Chráigh na hÉigiptigh sinn; chiapadar sinn agus chuireadar faoi dhaoirse dhian sinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí