Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 1:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Ach dá mhéad a luíodh orthu, is ea is mó a chuadar i líonmhaire agus a leathadar. Agus tháinig scanradh ar na hÉigiptigh roimh mhuintir Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Ach da mhéid do phíanadur iad, as móide do líonadur agus do fhásadur é. Agus do bhí doilghios orra tré chloinn Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 1:12
17 Tagairtí Cros  

Dúirt sé leis ansin: “Mise Dia, Dia d'athar; ná bíodh eagla ort dul síos chun na hÉigipte, óir déanfaidh mé cine mor ansiúd díot.


Chuir tú an rath ar a sliocht Mar a bheadh réaltaí nimhe Agus threoraigh tú isteach iad Sa tír a dúirt tú lena sinsir a ghabháil agus a shealbhú.


Maraíonn an faltanas an t‑amadán Agus básaíonn an formad an duine baoth.


Mhéadaigh sé a phobal go mór, go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad.


Bheannaigh sé iad agus chuaigh siad i líonmhaireacht; níor lig sé dá dtréada dul i laghad.


Bhí Dia go maith do na mná cabhartha, agus lean na daoine orthu ag dul i líonmhaire agus chuadar i neart go mór.


Ach bhí an rath ar shliocht Iosrael agus chuadar i líonmhaire go mór; chuadar in iomadúlacht agus i dtreise go héachtach, i dtreo gur líonadar an tír.


Agus dúirt seisean lena mhuintir: “Muintir seo Iosrael, féachaigí conas mar a sháraíonn siad sinn i líonmhaire agus i neart.


Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.


Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?


Agus tháinig scéin ar Mhóáb roimh an bpobal seo ar a líonmhaire; bhí eagla ar Mhóáb roimh chlann Iosrael.


Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!”


Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle.


Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: ‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m'athair. D'imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí