Eaxodus 1:10 - An Bíobla Naofa 198110 Téanaigí agus bímis glic leo d'fhonn nach méadódh ar a líon, agus, má thagann cogadh orainn, nach dtaobhóidís lenár naimhde agus troid inár n‑aghaidh agus éalú as an tír.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Tigidh uáibh, déanam ríu go crionna, deagla go líonfaidís, agus go ttiucfadh chum criche, an tan theigeomhadh cogadh ann, go tteannfaidis mar an gcéadna lear náimhdibh, agus go ttroidfidís ar naghuidh, agus go rachfaidís mar sin amach as a tír. Féach an chaibidil |
Tar, le do thoil, agus cuir mallacht ar an dream seo dom, mar tá siad róthréan dom. Ansin b'fhéidir go bhféadfainn an lámh in uachtar a fháil orthu agus iad a thiomáint as an tír. Óir is maith is eol dom gur beannaithe an té ar a gcuireann tú do bheannacht, agus gur mallaithe an té ar a gcuireann tú do mhallacht.”
Ach bhí fearg ar thaoisigh na bhFilistíneach leis. “Cuir ar ais é,” arsa taoisigh na bhFilistíneach leis, “agus filleadh sé ar an áit a thug tú ina sheilbh dó. Ná téadh sé síos chun catha in éineacht linn ar eagla go n‑iompódh sé orainn nuair a bheadh an cath á chur. Arbh fhearr slí aige siúd chun caradas a dhéanamh arís lena mháistir ná le cinn na bhfear seo anseo?