Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: “Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain.
Eaxodus 1:13 - An Bíobla Naofa 1981 Chuireadar iallach ar mhuintir Iosrael dá bhrí sin seirbhis an éigin a dhéanamh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tugadur na Hégiptigh ar chloinn Israel serbhís do dhéanamh le díbhfeirg. |
Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: “Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain.
agus labhair leo de réir chomhairle na n‑ógfhear agus dúirt: “Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.”
Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”
D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal, agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.
agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.
ach maidir libhse, rug an Tiarna leis amach ón bhfoirnéis iarainn sibh, as an Éigipt, le bheith ina phobal aige féin, féin, rud atá sibh fós inniu.