“Rinneadh taibhrimh dúinn,” ar siad, “agus níl fear a mínithe againn.” Agus dúirt Iósaef leo: “Nach le Dia a bhaineann sé taibhrimh a mhíniú? Insígí dom iad, le bhur dtoil.”
Cóheilit 8:1 - An Bíobla Naofa 1981 Cé atá cosúil leis an eagnaí? Cé heile a thuigeann an chiall atá le rud ar bith? Soilsíonn eagna an duine a ghnúis, agus athraítear dúire a aghaidhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cia atá mar a neagnuidhe? agus cia dhar fios cíall neithe? do bheir eagna an duine air a ghnúis déallrughadh, agus athrochar dánacht a aighthe, |
“Rinneadh taibhrimh dúinn,” ar siad, “agus níl fear a mínithe againn.” Agus dúirt Iósaef leo: “Nach le Dia a bhaineann sé taibhrimh a mhíniú? Insígí dom iad, le bhur dtoil.”
Ansin bíonn aingeal láimh leis, Idirghabhálaí, aon ar mhílte, Lena dhualgas a chur in iúl dó,
Agus d'fheicfeadh clann Iosrael an loinnir ó aghaidh Mhaois. Ansin chuireadh Maois an brat ar ais ar a aghaidh go dtí go bhfilleadh sé chun labhartha leis.
Éisteadh an t‑eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige, agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach.
Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe, ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne.
Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach; déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.
Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.
Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D'aithin siad ansin gur chomrádaithe d'Íosa ba ea iad.
Agus anois, a Thiarna, tabhair do d'aire a gcuid bagartha agus deonaigh do do sheirbhísigh do theachtaireacht a fhógairt go seasmhach dána.
Bhí a raibh ina suí sa tsainidrín ag faire go dlúth ar Stiofán agus thug siad faoi deara go raibh a ghnúis mar bheadh gnúis aingil.
Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith.
Agus guígí ormsa chomh maith, le hionchas, nuair a osclóidh mé mo bhéal, go dtabharfar dom labhairt go dána agus rún an dea-scéil a fhógairt -
Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin
Tuigigí an méid seo ar dtús nach dtagann aon fháistine den scrioptúr faoi chiallú an duine aonair.