Eisean a luigh ar na Filistínigh síos go Gazá agus bhánaigh a gcríocha ó thúr faire go cathair dhaingean.
Amos 1:7 - An Bíobla Naofa 1981 teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazá a dhófaidh a páláis; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht cuirfe misi teine air bhalla Gása, noch dhóichfios a páláis: |
Eisean a luigh ar na Filistínigh síos go Gazá agus bhánaigh a gcríocha ó thúr faire go cathair dhaingean.
Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d'atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach.
Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na bhFilistíneach sular thóg Forann Gazá de ruathar.
Ceann bearrtha ar Ghaza! Sost ar fud Aiscileon! Aisdeod, a bhfuil fágtha de Anácaím, cá fhad a ghearrfaidh tú thú féin?
Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna, nuair a chuirfidh mé tine leis an Éigipt, nuair a bhrisfear a tacaí go léir.
Seolfaidh mé tine ar Mhagóg agus orthu san a chónaíonn faoi shuaimhneas sna hinsí, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm,
díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeod agus rialtóir Aiscileon; agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrón agus bascfar an Filistíneach deireanach, a deir an Tiarna Dia.
Is ea, tréigfear Gazá, agus beidh Aiscileon ina díthreabh. Díbreofar muintir Aisdeod i lár an lae ghil agus bainfear Eacrón as a fréamhacha.
Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” a deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”
Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.