Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 1:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 ¶ Mar so a deir an TIGHEARNA; Ar son thrí sáruighthe Gása, agus ar son a ceathair, ní choigeola me íad: do bhrígh go rugadarleó a láimh na braighde go hiomlán, dá seachadadh do Edom:

Féach an chaibidil Cóip




Amos 1:6
18 Tagairtí Cros  

Bhí na Filistínigh ag creachadh na gcathracha ar na hísleáin agus i Neigib Iúdá. Ghabh siad Béit Seimis, Aiálón, Gadaerót, Sócó lena bhailte máguaird, Timneá lena bhailte máguaird, Gimzeo lena bhailte máguaird, agus chuir siad fúthu iontu.


Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na bhFilistíneach sular thóg Forann Gazá de ruathar.


De bhrí gur chothaigh tú ionat féin de shíor an fhearg agus gur thug tú suas clann Iosrael don chlaíomh le linn a mí-áidh, le linn a bpíonóis deiridh;


“Dorchóidh an ghrian agus beidh an ghealach chomh dearg le fuil nuair a thiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna.


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Eadóm, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh agus gur rad uaidh gach uile thrua, go mbíodh sé i gcónaí confach agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Damaisce, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur lasc siad Gileád le súiste iarainn,


teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazá a dhófaidh a páláis;


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,


An lá a sheas tú i leataobh an lá a rug strainséirí a mhaoin leo, agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach, agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn, ba gheall le duine díobh thú.


Feicfidh Aiscileon é sin agus tiocfaidh eagla uirthi; feicfidh Gazá é chomh maith agus beidh sí ag lúbarnaíl le scéin; beidh Eacrón ar crith freisin, mar cuirfear a dóchas ó chrích. Díothófar rí Ghazá agus ní dhéanfar cónaí in Aiscileon feasta.


Labhair aingeal an Tiarna le Pilib: “Éirigh,” ar seisean, “agus gluais leat ó dheas an bóthar a ghabhann ó Iarúsailéim go Gazá; sin é bóthar an fhásaigh.”


Ba iad seo na neascóidí óir a d'íoc na Filistínigh mar íobairt chiontachta don Tiarna: ceann ar son Aisdeod, ceann ar son Ghazá, ceann ar son Aiscileon, ceann ar son Ghat, ceann ar son Eacrón;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí