Seo chugainn anois muintir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír; nuair a bhí Iosrael ag teacht amach as an Éigipt níor cheadaigh tú d'Iosrael iad a ionsaí; chas Iosrael i leataobh agus níor scrios siad iad -
Amos 1:11 - An Bíobla Naofa 1981 Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Eadóm, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh agus gur rad uaidh gach uile thrua, go mbíodh sé i gcónaí confach agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Marso a deir an TIGHNARNA; Ar son thrí sáruighthe Edom, agus ar son a ceathair, ní choigeola mé íad: do bhrígh gur ainlean sé a dhearbhrathair leis an ccloidheamh, agus gur theilg úadh gach uile thrúaighe, agus gur réub a fhearg go síorruidhe, agus gur chonnaimh a fhearg go síorruighe: |
Seo chugainn anois muintir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír; nuair a bhí Iosrael ag teacht amach as an Éigipt níor cheadaigh tú d'Iosrael iad a ionsaí; chas Iosrael i leataobh agus níor scrios siad iad -
ach seo mar atá díolaíocht á déanamh acu anois, ag teacht dár dtiomáint amach as na tailte a thug tú dúinn mar oidhreacht.
Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: “Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.”
Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.
Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.
ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad.
“Tá grá agam daoibh,” a deir an Tiarna; ach deir sibhse: “Conas a ghráíonn tú sinn?” “Nach é Éasau deartháir Iacóib?” a deir an Tiarna. “Mar sin féin, tá grá agam do Iacób;
Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”
Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír.