Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




2 Tiomóid 4:11 - An Bíobla Naofa 1981

Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Níl fágtha agam ach Lúcás amháin. Faigh Marcas agus tabhair leat é; ós maith a dhéanas sé timireacht orm.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Ní fhuil im’ fhochair acht Lúcás amháin. Beir leat Marcus, agus tabhair i n‐éinfheacht leat é: óir atá sé tairbheach dom le h‐aghaidh mo mhiniostrálachta.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Atá Lucás na áonar um fhochair. Ar mbreith dhuit ar Mhárcuis, tabhair leachd é: óir as ro shocrach dhámhsa é chum miniosdrálachda.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó.

Féach an chaibidil



2 Tiomóid 4:11
15 Tagairtí Cros  

Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).


“Beidh mórán dá bhfuil ar tosach ar deireadh agus dá bhfuil ar deireadh ar tosach.


Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”


Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”


Nuair a tuigeadh an méid sin dó, chuaigh sé go dtí teach Mháire, máthair Eoin dar chomhainm Marcas, mar a raibh slua mór bailithe agus iad ag déanamh urnaí.


Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch d'fhill Barnabas agus Sól [ó] Iarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo.


Ba mhian le Barnabas Eoin dá ngoirtí Marcas a thabhairt leo freisin,


Tharla aighneas eatarthu agus scar siad le chéile: thóg Barnabas Marcas leis agus chuaigh ar bord loinge go dtí an Chipir;


Ní túisce a chonaic sé an aisling ná chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh.


Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.


Cuireann an dochtúir lách, Lúcás, agus Déamas, a mbeannacht chugaibh mar an gcéanna.


Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmaganaes san áireamh.


Dá bhrí sin, má ghlanann duine é féin ón táire sin, beidh sé ina árthach a bhfuil feidhm uasal leis; beidh sé naofa agus fóinteach dá mháistir agus é réidh chun gach dea-ghníomh a dhéanamh.


Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.


Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibhse, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith.